McGlone: Caithfidh an BBC straitéis fhadtéarmach a chur i bhfeidhm don chraoltóireacht Ghaeilge

Tá Patsy McGlone, CTR de chuid an SDLP i Lár Uladh, ag éileamh straitéis fhadtéarmach don chraoltóireacht Ghaeilge, agus maoiniú cuí mar bhonn taca léi, i ndiaidh cruinnithe le hardbhainistíocht an BBC, Adam Smyth, Stiúrthóir BBC Thuaisceart Éireann, ina measc.

Dúirt an tUasal McGlone, “Chuir mé fáilte roimh an deis labhairt go díreach le hardbhainistíocht an BBC maidir le todhchaí na craoltóireachta Gaeilge agus an imní atá ann faoin laghdú atá beartaithe ar líon na mball foirne atá ag plé go sonrach le seirbhísí Gaeilge a chur in iúl.

“Cé go bhfuil imní mhór ann go fóill faoi na hathruithe atá beartaithe, thug an plé a bhí againn ar na féidearthachtaí le soláthar seirbhísí Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú ábhar misnigh domh. Ní leor an uaillmhian inti féin, áfach. Caithfidh an BBC an infheistíocht, an treoir straitéiseach agus an chinnteacht fhadtéarmach atá de dhíth a chur ar fáil le go mbeidh earnáil na léiriúchán Gaeilge ábalta barr a cumais a bhaint amach.

“Tharraing mé aird ar an ghá atá le soláthar níos fearr do pháistí agus do dhaoine óga, deiseanna san áireamh le hábhar a fhorbairt taobh amuigh den soláthar oideachais atá ann faoi láthair. Ba mhór an t-ábhar misnigh é a chluinstin go n-aithníonn an BBC na féidearthachtaí atá ann le tuilleadh forbartha a dhéanamh sa réimse seo.

“Leag mé béim fosta ar a thábhachtaí atá sé saineolas teanga agus eagarthóireachta a choinneáil taobh istigh den BBC, chomh maith le tacú le fás agus forbairt earnáil chruthaitheach na Gaeilge.

“Is é atá de dhíth ná straitéis thiomnaithe ilbhliantúil don chraoltóireacht Ghaeilge, agus buiséad soiléir, clár ama do choimisiúnú ábhair agus gealltanas dáiríre maidir le forbairt an lucht saothair mar bhonn taca léi.

“Tharraing mé aird arís ar na héagothromaíochtaí móra idir an infheistíocht a dhéantar sa chraoltóireacht Ghaeilge agus an soláthar a dhéantar do Ghaeilge na hAlban agus don Bhreatnais. Caithfimid an leibhéal céanna uaillmhéine a fheiceáil don Ghaeilge, gan baint den obair den scoth atá ar bun in Albain agus sa Bhreatain Bheag.

“Is deis thábhachtach í athnuachan Chairt an BBC le dul i ngleic leis na héagothromaíochtaí seo atá ann le fada an lá, agus le todhchaí níos cothroime, níos uaillmhianaí agus níos inbhuanaithe a chinntiú don chraoltóireacht Ghaeilge.

“Cé go raibh an plé a bhí againn cuiditheach, tá na moltaí seo ag céim luath go fóill agus tá cuid mhór oibre le déanamh.

“Leanfaidh mé orm ag plé leis an BBC agus ag déanamh grinnscrúdú ar na moltaí seo de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn, lena chinntiú go mbeidh riachtanais agus mianta phobal na Gaeilge i gcroílár an phróisis seo i gcónaí.

“Is í an tslat tomhais is tábhachtaí maidir le hathruithe ar bith ná an neartóidh siad an chraoltóireacht Ghaeilge agus an gcuirfidh siad seirbhís níos fearr agus níos inbhuanaithe ar fáil do ghlúnta an lae inniu agus do na glúnta atá le teacht.”

CRÍOCH

McGlone: BBC must deliver long-term strategy for Irish language broadcasting

SDLP Mid Ulster MLA Patsy McGlone has called for a long-term, properly funded strategy for Irish language broadcasting following a meeting with senior BBC management, including BBC Northern Ireland Director Adam Smyth.

Mr McGlone said, “I welcomed the opportunity to engage directly with senior BBC management regarding the future of Irish language broadcasting and to raise concerns surrounding the proposed reduction in dedicated Irish language staff.

“While significant concerns remain about the proposed changes, I was encouraged by our discussions about the potential to develop and enhance Irish language provision. However, ambition alone is not enough. The BBC must provide the investment, strategic direction and long-term certainty necessary to enable the Irish language production sector to realise its full potential.

“I raised the need for greater provision for children and young people, including opportunities to develop content beyond the existing educational offering. It was encouraging to hear that the BBC recognises the potential for further development in this area.

“I also stressed the importance of retaining linguistic and editorial expertise within the BBC, alongside supporting the growth and development of our Irish language creative sector.

“What is needed is a dedicated, multi-year strategy for Irish language broadcasting, underpinned by a clear budget, a commissioning timetable and a meaningful commitment to workforce development.

“I again highlighted the stark disparities between investment in Irish language broadcasting and the provision afforded to Scottish Gaelic and Welsh. We need to see the same level of ambition for Irish, without diminishing the excellent work being undertaken in Scotland and Wales.

“The renewal of the BBC Charter presents an important opportunity to address these longstanding disparities and secure a fairer, more ambitious and sustainable future for Irish language broadcasting.

“While our discussions were constructive, these proposals remain at an early stage and much work remains to be done.

“I will continue to engage with the BBC and scrutinise these proposals as they develop to ensure that the needs and aspirations of the Irish language community remain central to this process.

“The ultimate test of any changes will be whether they strengthen Irish language broadcasting and deliver an enhanced and sustainable service for present and future generations.”

ENDS